Newry.ie

EVENTS NEWRY

Stephen Fitzpatrick Auction

Stephen Fitzpatrick Auction

29-01-2022 11:00 am -2:00 pm
Hilltown Farmers Market

Hilltown Farmers Market

06-02-2022 11:00 am -2:00 pm
Blast from the Past Vintage Run

Blast from the Past Vintage Run

20-02-2022 12:00 pm
£10.00
Hilltown Farmers Market

Hilltown Farmers Market

06-03-2022 11:00 am -2:00 pm
Sustaining and Building Cross Border Co-Operation and Trade

Sustaining and Building Cross Border Co-Operation and Trade

09-03-2022 9:00 am -1:00 pm
Online
Free
Foster and Allen

Foster and Allen

16-03-2022 8:00 pm -10:30 pm
Stephen Fitzpatrick Auction

Stephen Fitzpatrick Auction

26-03-2022 11:00 am -2:00 pm
Hilltown Farmers Market

Hilltown Farmers Market

03-04-2022 11:00 am -2:00 pm
Stephen Fitzpatrick Auction

Stephen Fitzpatrick Auction

30-04-2022 11:00 am -2:00 pm
Hilltown Farmers Market

Hilltown Farmers Market

01-05-2022 11:00 am -2:00 pm
Stephen Fitzpatrick Auction

Stephen Fitzpatrick Auction

28-05-2022 11:00 am -2:00 pm
Hilltown Farmers Market

Hilltown Farmers Market

05-06-2022 11:00 am -2:00 pm
Stephen Fitzpatrick Auction

Stephen Fitzpatrick Auction

25-06-2022 11:00 am -2:00 pm
Hilltown Farmers Market

Hilltown Farmers Market

03-07-2022 11:00 am -2:00 pm
Stephen Fitzpatrick Auction

Stephen Fitzpatrick Auction

30-07-2022 11:00 am -2:00 pm
Iúr Cinn Fleadh

Iúr Cinn Fleadh

25-08-2022 2:00 pm -11:55 pm
Iúr Cinn Fleadh

Iúr Cinn Fleadh

26-08-2022 2:00 pm -11:55 pm
Stephen Fitzpatrick Auction

Stephen Fitzpatrick Auction

27-08-2022 11:00 am -2:00 pm
Iúr Cinn Fleadh

Iúr Cinn Fleadh

27-08-2022 2:00 pm -11:55 pm
Iúr Cinn Fleadh

Iúr Cinn Fleadh

28-08-2022 2:00 pm -11:55 pm
Iúr Cinn Fleadh

Iúr Cinn Fleadh

29-08-2022 2:00 pm -11:55 pm
Stephen Fitzpatrick Auction

Stephen Fitzpatrick Auction

24-09-2022 11:00 am -2:00 pm
Stephen Fitzpatrick Auction

Stephen Fitzpatrick Auction

29-10-2022 11:00 am -2:00 pm
Stephen Fitzpatrick Auction

Stephen Fitzpatrick Auction

26-11-2022 11:00 am -2:00 pm
Write a comment
Pin It

Tá Comhairle Ceantair an Iúir, Mhúrn agus an Dúin i ndiaidh sraith nua de 10 bhfíseán Gaeilge le fotheidil a choimisiúnú dar teideal ‘Na Gaeil i gCéin’ mar chuid d’Oíche Chultúir 2021.  Maoinithe ag Feidhmeannas Thuaisceart Éireann, tugann na físeáin spreagúla seo deis dúinn bualadh le Gaeil éagsúla a bhfuil cónaí orthu thar lear.

Tá na Gaeil ag dul ar imirce leis na cianta. Is nós coitianta é go fóill go dtéann daoine óga thar lear ag lorg oibre agus níos mó deiseanna fostaíochta.  Tugann na fiseáin bhríomhara, eolasacha seo léargas dúinn ar shaol an diaspóra sa lá atá inniu ann, ó Nua Eabhrac, go Las Vegas, agus chomh fada ar shiúl leis an tSeapáin.

Dúirt Cathaoirleach na Comhairle, an Comhairleoir Cathy Mhasún, “Tá lúcháir orm go bhfuil na 10 bhfíseán spreagúil seo á seoladh mar chuid de cheiliúradh na Comhairle ar ‘Oíche Chultúir 2021’.  Tá sé tábhachtach dúinn a bheith ag smaoineamh ar an Ghaeilge mar sheoid chultúrtha ar scála domhanda.  Tá cuid mhór ball de phobal na Gaeilge ag obair i ngairmeacha éagsúla fud fad an domhain, tumtha i gcultúr na tíre ina bhfuil siad lonnaithe.”

Sruthfar an tsraith de 10 ngearr-fhíseán dar teideal “Na Gaeil i gCéin” ar ardáin mheán shóisialta de chuid na Comhairle ón Aoine 17 Meán Fómhair.

Sa chéad fhíseán buailimid le Seosamh Mac Seoin as Béal Feirste ó dhuchás. Labhraíonn an Feirsteach óg faoina shaol mar aisteoir agus mar mhainicín i Nua Eabhrac, agus tugann sé súil siar ar sheachtainí faisin atá déanta aige i Nua Eabhrac, Londain agus i bPáras.

I measc na n-aíonna eile a bheas le feiceáil le linn na sraithe beidh ​​Pól Ó Finn, fear óg atá ag obair mar Chomhordaitheoir Idirnáisiúnta sa tSeapáin, castar Ciabhán Ó Murchú orainn, píolóta a bhfuil cónaí air sa Spáinn anois, tugann Brónagh Ní Chuilinn muid ar cuairt thart ar shráideanna Mhelbourne san Astráil, áit a bhfuil sí féin agus a pháirtí Kelvin ina gcónaí le breis agus dhá bhliain anuas.

Beidh an t-aisteoir, mainicín agus láithreoir teilifíse Gavin Ó Fearraigh ag insint dúinn faoin saol atá aige i Las Vegas Nevada, cluinimid ó Chonallach eile, Caoimhe Ní Chonchoille, atá anois ina cónaí i gCalifornia, áit a bhfuil a fear céile ar phostú taidhleoireachta, ag fanacht sna Stáit Aontaithe Mheiriceá, téimid chomh fada le Florida, áit a bhfuil cónaí ar Chonchúr de Faoite.

Ina dhiaidh sin, tugann an t-aistritheoir, ceoltóir agus scríbhneoir Seaghan Mac an tSionnaigh léargas dúinn ar an saol sa Bhruiséil, tugann Méabh Ní Chualáin timpeall Chathair Londain muid agus ar deireadh buailimid le Séamus Ó Fianghusa, saighdiúir Meiriceánach agus Gael go smior atá ag tógáil a iníon le Gaeilge.

Le tuilleadh eolais a fháil ar an togra seo seol ríomhphost le do thoil chuig gaeilge@nmandd.org nó téigh chuig WWW.NEWRYMOURNEDOWN.ORG

Say something here...
or post as a guest
Loading comment... The comment will be refreshed after 00:00.

Be the first to comment.

DONATE TO NEWRY.IE

Please consider supporting Newry.ie

Amount
Newry.ie require Cookies on some parts of our site to enable full functionality. By using Newry.ie you consent to our use of Cookies. You can use your browser settings to disable cookies on this or any other website.