Sheol Comhairle Ceantair an Iúir, Mhúrn agus an Dúin leabhrán nua oiliúna agus acmhainní gaolmhara ar líne inniu chun tacú le hoifigigh sa rialtas áitiúil ar mian leo Gaeilge a fhoghlaim agus a úsáid ina gcuid oibre laethúil.
Choimisiúnaigh Aonad Gaeilge na Comhairle an tionscnamh i gcomhpháirtíocht le Foireann Foghlama agus Forbartha na Comhairle, rannóg atá freagrach acu as forbairt chorparáideach scileanna agus deiseanna oiliúna do bhaill foirne na Comhairle. Tá an leabhrán curtha le chéile i gcomhar le hOllscoil Uladh, ag tógáil ar an chomhoibriú rathúil a rinneadh ar chúrsaí Gaeilge roimhe seo.
I measc na ndaoine a d’fhreastail ar an tseoladh bhí baill foirne a rinne cúrsaí Gaeilge taobh istigh den Chomhairle le blianta beaga anuas, daoine den bhainistíocht shinsearach, agus An Coimisinéir Gaeilge, Pól Deeds.
Táthar ag súil leis go gcuideoidh an áis nua seo le cur chuige comhsheasmhach praiticiúil a fhorbairt maidir le hoiliúint Gaeilge, le tógáil acmhainne, agus le húsáid na Gaeilge laistigh den earnáil phoiblí.
Dúirt Aileen Jones, Stiúrthóir Seirbhísí Corparáideacha na Comhairle: “Tá lúcháir orainn an leabhrán seo agus na hábhair ghaolmhara ar líne a sheoladh. Cuideoidh siad leis an Chomhairle leanúint lenár gcuid oibre chun Conair Forbartha Gairmiúla a chruthú d’fhostaithe, mar atá aontaithe i Straitéis Ghaeilge na Comhairle. Is cuid thábhachtach an leabhrán seo dár ngealltanas don dátheangachas agus do chur chun cinn úsáid na Gaeilge laistigh dár n-eagraíocht.”
Dúirt an Dr Gearóid Ó Domagáin, Ollscoil Uladh: “Táimid an-sásta comhoibriú leis an rialtas áitiúil san obair thábhachtach seo. Baineann an tionscnamh seo le tionchar dearfach a imirt agus fíordhifríocht a dhéanamh ar leibhéal áitiúil. Tá súil againn go mbeidh sí ina bunchloch d’fhorbairt bhreise ar oiliúint Ghaeilge agus ar thógáil acmhainne sa rialtas áitiúil agus i gcomhlachtaí poiblí eile.”
Dúirt Coimisinéir na Gaeilge, Pól Deeds: “Tá mé an-tógtha leis an obair réamhghníomhach atá déanta chun acmhainní den chineál seo a fhorbairt. Molaim Comhairle Ceantair an Iúir, Mhúrn agus an Dúin as an obair seo agus as an dea-chleachtas a chur chun cinn. Creidim gur féidir leis an tionscnamh seo tionchar an-dearfach a imirt, agus mholfainn do gach comhlacht poiblí machnamh a dhéanamh ar an chur chuige seo.”
Cuirfidh an acmhainn nua seo le hiarrachtaí leanúnacha na Comhairle scileanna Gaeilge a fhorbairt i measc na foirne agus timpeallacht is tacúla a chruthú do sheirbhísí, cumarsáid agus rannpháirtíocht dhátheangach.
Council Launches New Irish Language Training Resource
Newry, Mourne and Down District Council has launched a new Irish language training resource and associated online materials to support local government officers who wish to learn Irish and use it in their day-to-day work.
The initiative was commissioned by the Council’s Irish Language Unit in partnership with the Council’s Learning and Development team, which is responsible for the corporate development of skills and training opportunities for Council staff. The booklet was produced in collaboration with Ulster University, building on successful cooperation on Irish language training courses in recent years.
Among those who attended the launch were staff who have undertaken Irish language courses within the Council in recent years, members of senior management, and the Irish Language Commissioner, Pól Deeds.
It is hoped that the new resource will help develop a practical and consistent approach to Irish language training, capacity building and the use of Irish across the public sector.
Newry, Mourne and Down District Council Corporate Services Director Aileen Jones said, “We are delighted to launch this booklet and the associated online materials. They will help the Council continue its work to create a Professional Development Pathway for employees, as agreed in the Council’s Irish Language Strategy. This booklet is an important part of our commitment to bilingualism and to promoting the use of Irish within our organisation.
“The Council is committed to creating opportunities for learning, inclusion and personal development across the workforce. This new resource is a practical and accessible tool that will support staff who wish to learn Irish and build confidence in using the language as part of their everyday work.”
Dr Gearóid Ó Domagáin, Ulster University said: “We are very pleased to collaborate with local government on this important work. This initiative is about making a positive impact and a real difference at local level. We hope it will be a foundation stone for further development of Irish language training and capacity building within local government and other public bodies.”
Irish Language Commissioner Pól Deeds said: “I am very impressed by the proactive work that has been done to develop resources of this kind. I commend Newry, Mourne and Down District Council for this work and for promoting good practice. I believe this initiative can make a very positive impact, and I would encourage all public bodies to reflect on this approach.”
The new resource will contribute to the Council’s ongoing efforts to develop Irish language skills among staff and to foster a supportive environment for bilingual services, communication and engagement.


