Write a comment

Aonad 10

Tá trí chomhrá le cleachtadh san aonad seo agus níl tascanna ná ceisteanna ann. / There are three conversations to practise in this unit and no tasks or questions.

Is féidir amharc ar an aistriúchán go Béarla in Aguisín C más gá. / Refer to the English translation in Appendix C if required.

Comhrá 10A

An fiaclóir – coinne

pastedGraphic.pngpastedGraphic_1.pngpastedGraphic_2.png

Comhrá 10A: an script

Oibrí

Anois, tá an fiaclóir ag iarraidh tú a fheiceáil arís, a Nóra. 

Ba mhaith léi na fiacla a ghlanadh. An bhfuil sin ceart go leor?

Custaiméir

Sin go breá.

Oibrí

An mbeidh tú saor an cúigiú lá déag den mhí seo chugainn? 

Sin an Aoine.

Custaiméir

Ní bheidh! Beidh mé ag obair ar an lá sin. 

Is gruagaire mé agus ní féidir liom lá saor a ghlacadh. 

An bhfuil Luan ar bith saor agaibh?

Oibrí

Tá. Fan bomaite. An Luan ina dhiaidh sin, b’fhéidir? 

Sin an t-ochtú lá déag de mhí na Samhna. Ar a deich ar maidin.

An ndéanfaidh sin?

Custaiméir

Déanfaidh sin an gnó!

Oibrí

Deich a chlog, Dé Luain an t-ochtú lá déag de mhí na Samhna. 

Tchfídh muid ansin thú!

Custaiméir

Tchfídh! Slán anois!

Oibrí

Slán!

Comhrá 10B

An bácús – ordú

pastedGraphic_3.pngpastedGraphic_4.png pastedGraphic_5.png

Comhrá 10B: an script pastedGraphic_6.png

Oibrí

Bácús Uí Néill, seo Áine.

Custaiméir

Tá mé ag iarraidh císte a ordú, do mo mhac.

Oibrí

Iontach! Cén ócáid atá ann?

Custaiméir

A bhreithlá atá ann.

Oibrí

Galánta. Agus cén sórt císte: seacláid nó spúinse Victoria?

Custaiméir

Seacláid.

Oibrí

Agus cé chomh mór? Cá mhéad duine?

Custaiméir

Deichniúr.

Oibrí

Agus teachtaireacht air?

Custaiméir

Cinnte.

“An mac is fearr”!

Oibrí

Ah sin iontach deas. Agus an aois air fosta? Cén aois é?

Custaiméir

Cuir an aois ann cinnte. Beidh sé caoga!

Comhrá 10C

An t-óstán

pastedGraphic_7.png pastedGraphic_8.png pastedGraphic_9.png 

Comhrá 10C – an script pastedGraphic_6.png 

Oibrí

Óstán an Chósta, seo Liam.

Custaiméir

Cad é mar atá tú? Ba mhaith liom tábla a chur in áirithe don deireadh seachtaine.

Oibrí

Go breá. Cén lá? Dé Aoine, Dé Sathairn...

Custaiméir

Dé Domhnaigh, don dinnéar. 

Oibrí

Cén t-am?

Custaiméir

A sé a chlog. Ceart go leor?

Oibrí

Cinnte. Agus cá mhéad duine?

Custaiméir

Beidh deichniúr againn ann.

Oibrí

Deichniúr. Go hiontach! Agus cén sloinne?

Custaiméir

Whitfield.

Oibrí

Agus cén uimhir fóin atá agat?

Custaiméir

A náid, a dó, a hocht, a trí, a náid, a dó, a haon, a dó, a trí, a ceathair, a cúig.

Oibrí

Sin muid! Beidh an tábla réidh daoibh ar a sé a chlog tráthnóna Dé Domhnaigh. Tchfídh muid ansin sibh!

Custaiméir

Ar dóigh. Go raibh céad maith agat as achan rud.

Oibrí

Go ndéanfaidh a mhaith duit!

Obair bhreise 10

Stór focal: ríomhphost / email

Tús na teachtaireachta / the start of the message

A chara,

Dear Sir/Madam,

A Sheáin, a chara,

Dear Seán,

A Mháire, a chara,

Dear Máire,

A chairde,

Dear all,

Tá súil agam go bhfuil tú go maith.

I hope you are well.

Tá súil agam go bhfuil sibh go maith.

I hope you+ are well.

Go raibh maith agat as an teachtaireacht a chuir tú chugam.

Thank you for the message you sent me.

Deireadh na teachtaireachta / the end of the message

Le meas,

Yours,

Le gach dea-ghuí,

Regards,

Le gach dea-mhéin,

Regards,

Caint gan mhoill,

Talk soon,

Míle buíochas,

Many thanks,

Loading comment... The comment will be refreshed after 00:00.
Say something here...
or post as a guest

EVENTS CALENDAR

September   2026
M T W T F S S
  1 2 3 4 5 6
7 8 9 10 11 12 13
14 15 16 17 18 19 20
21 22 23 24 25 26 27
28 29 30        
   
0
Shares