Newry’s Gaeláras Mhic Ardghail has won €1,000 at Ardán 2026, along with fellow County Down group Glór Uachtar Tíre, which also received €1,000. The prizes were announced at a Glór na nGael awards ceremony in Óstán Chonnacht, Galway in September.
The overall winner was An Droichead from Belfast, Co. Antrim, which received the top prize of €20,000 for its presentation, “Ag freastal ar shainriachtanais na dteaghlach sna luathbhlianta” (Meeting the additional needs of families in the early years). The group developed an Irish-language support system for children with additional needs and their families within the early-years sector. A special educational needs coordinator role was created, staff received training, individual plans were developed for children, and a parent-and-toddler group was established to share information and resources.
do sa chatagóir Óige ó Fionnuala Nic Thom - Bord Stiúrtha Glór na nGael
An Droichead representatives Seáinín Ní Chianáin and Tara Gibney accepted the award from Fionnuala Nic Thom of the Glór na nGael Board of Directors, Breandán Mac Craith of Foras na Gaeilge and Eoin Ó Droighneán of the Department of Rural and Community Development and the Gaeltacht. MC Sinéad Ní Uallacháin also took part in the presentation.
Second place and a prize of €10,000 went to Pobal Eascarrach, Co. Donegal, for its presentation, “Dúchas na nDaoine” (The People’s Heritage). The project provides a welcoming space and local support for people experiencing difficulties with alcohol, substances or addictive behaviours. Through gardening, working with nature, conversation and support from a qualified counsellor, friendship and a healing community are being fostered through Irish.
The announcements came at the end of a lively day of adjudication, during which 32 groups presented their projects to the judges in eight different categories. The projects covered a wide range of work, including youth services, family supports, social enterprise, education, wellbeing, heritage and the environment. More than 100 entries were received from 59 community groups in this year’s competition, and they demonstrated the energy, creativity and valuable work being undertaken by Irish-language and Gaeltacht communities throughout Ireland.
Frainc Mac Cionnaith, Manager of Glór na nGael’s Community and Enterprise Division, said: “It was a great privilege for us to see and celebrate the outstanding work being carried out in communities here today. Every group demonstrated the dedication, creativity and energy they are investing in creating meaningful opportunities for the Irish language and strengthening their own communities.
“We extend our heartfelt congratulations to An Droichead and Pobal Eascarrach, to the category winners and to all the groups that took part in Ardán 2026. The standard and diversity of the work taking place throughout the country give us great encouragement.”
Fógraíodh An Droichead, Béal Feirste, Co. Aontroma mar príomhbhuaiteoir Ardán 2026 ag mórócáid bhronnta Ghlór na nGael in Óstán Chonnacht, Gaillimh, Dé Sathairn, 19 Meán Fómhair 2026. Bhain an grúpa an phríomhdhuais de €20,000 as an chur i láthair ”Ag freastal ar shainriachtanais na dteaghlach sna luathbhlianta”.
D'fhorbair an grúpa córas tacaíochta do pháistí a bhfuil sainriachtanais acu agus dá dteaghlaigh in earnáil na luathbhlianta trí Ghaeilge. Cruthaíodh ról comhordaitheora sainriachtanas oideachais, cuireadh oiliúint ar an fhoireann, forbraíodh pleananna aonair do pháistí agus bunaíodh grúpa tuismitheoirí agus tachrán le heolas agus acmhainní a roinnt.
Is iad Fionnuala Nic Thom - bord stiúrtha Ghlór na nGael, Breandán Mac Craith - Foras na Gaeilge agus Eoin Ó Droighneán - An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta a bhronn an duais ar ionadaithe An Droichead, Seáinín Ní Chianáin agus Tara Gibney, i gcomhluadar bean an tí Sinéad Ní Uallacháin
Bhronn na moltóirí an dara háit agus duais de €10,000 ar Phobal Eascarrach, Co. Dhún na nGall as an chur i láthair “Dúchas na nDaoine”. Cuireann Dúchas na nDaoine spás fáilteach agus tacaíocht áitiúil ar fáil do dhaoine a bhfuil deacrachtaí acu le halcól, substaintí nó iompraíochtaí andúileacha. Trí gharraíodóireacht, obair leis an nádúr, comhrá agus tacaíocht ó chomhairleoir cáilithe, tá cairdeas agus pobal leighis á gcothú trí Ghaeilge.
Tháinig an fhógairt ag deireadh lá bríomhar moltóireachta, inar chuir 32 grúpa a gcuid tionscadal i láthair na moltóirí in ocht gcatagóir éagsúla. Bhí réimse leathan oibre i gceist, idir sheirbhísí óige, thacaíochtaí do theaghlaigh agus fhiontraíocht shóisialta agus thionscadail oideachais, folláine, oidhreachta agus comhshaoil.
Fuarthas breis agus 100 iontráil ó 59 grúpa pobail i gcomórtas na bliana seo. Léirigh na hiontrálacha an fuinneamh, an chruthaitheacht agus an obair luachmhar atá ar bun ag pobail Ghaeilge agus Ghaeltachta ar fud na hÉireann.
Dúirt Frainc Mac Cionnaith, Bainisteoir Rannóg Pobal agus Fiontraíochta Ghlór na nGael:
“Ba mhór an phribhléid dúinn an obair iontach atá ar bun sna pobail a fheiceáil agus a cheiliúradh anseo inniu. Léirigh na grúpaí ar fad an dúthracht, an chruthaitheacht agus an fuinneamh atá á gcaitheamh acu le deiseanna fiúntacha a chruthú don Ghaeilge agus lena bpobail féin a neartú.
“Déanaimid comhghairdeas ó chroí leis an Droichead agus le Pobal Eascarrach, le buaiteoirí na gcatagóirí agus leis na grúpaí ar fad a ghlac páirt in Ardán 2026. Is cúis mhór misnigh dúinn caighdeán agus éagsúlacht na hoibre atá ar siúl ar fud na tíre.”
Anuas ar duaiseanna Ardán 2026 a bhronnadh déanadh 'Teastas Luachanna' a bhronnadh ar Choiste Ghaeloideachas Chromghlinne - Ionad Teaghlaigh Ghleann Darach, Co. Aontroma, agus Coiste Pleanála Teanga na Gaeltachta Láir, Co. Dhún na nGall, i ndiaidh gur éirigh leo gach ceann de chúig 'Luach' na scéime a bhaint amach. Seo an chéad dá ghrúpa in Éirinn le teastas 'Luachanna' a bhaint amach. Cód é Luachanna a bhfuil sé mar aidhm aige dea-chleachtas rialachais a spreagadh i measc grúpaí pobail Gaeilge agus Gaeltachta.
Buaiteoirí Ardán 2026
Príomhbhuaiteoir – €20,000
An Droichead, Co. Aontroma
An dara háit – €10,000
Pobal Eascarrach, Co. Dhún na nGall
An Óige
Buaiteoir na catagóire – €3,000: Meitheal Pleanála Teanga an Iarthuaiscirt, Co. Dhún na nGael
Duais €1,000: Glór Uachtar Tíre, Co. an Dúin
Duais €1,000: Glór Cheatharlach, Co. Cheatharlach
Duais €1,000: Glór na Móna, Co. Aontroma
An Teaghlach
Buaiteoir na catagóire – €3,000: Fís an Phobail, Co. Aontroma
Duais €1,000: Tae agus Play, Co. Liatroma
Duais €1,000: Céim ar Chéim, Co. Chorcaí
Duais €1,000: Gaeil Ruairí Óg agus Gaeil na nGlinntí, Co. Aontroma
An Ghaeltacht
Buaiteoir na catagóire – €3,000: Coiste Forbartha Chnoc Fola, Co. Dhún na nGael
Duais €1,000: Fóram um Pleanáil Teanga Chois Fharraige, Co. na Gaillimhe
Duais €1,000: Coiste Féilte Chill Chiaráin, Co. na Gaillimhe
Duais €1,000: Ionad na nImirceach CTR, Co. na Gaillimhe
Oideachas
Buaiteoir na catagóire – €3,000: Cill Dara le Gaeilge, Co. Chill Dara
Duais €1,000: Gaeilge Locha Riach, Co. na Gaillimhe
Duais €1,000: Coiste Forbartha Charn Tóchair, Co. Dhoire
Duais €1,000: níor tháinig
Tacaíochtaí Pobail agus Folláine
Buaiteoir na catagóire – €3,000: Pobal Eascarrach, Co. Dhún na nGall
Duais €1,000: Comhar Chuigéal Teo., Co. na Gaillimhe
Duais €1,000: An Droichead, Co. Aontroma
Duais €1,000: Lár Chomhairle Paróiste Ghleann Cholm Cille, Co. Dhún na nGall
Gnó agus Fiontraíocht
Buaiteoir na catagóire – €3,000: Muineachán le Gaeilge, Co. Mhuineacháin
Duais €1,000: Comhlacht Forbartha Inis Meáin CTR, Cuan na Gaillimhe
Duais €1,000: An Clár as Gaeilge, Co. an Chláir
Duais €1,000: BSG An Clochán Liath, Co. Dhún na nGall
Labhairt na Gaeilge
Buaiteoir na catagóire – €3,000: Gaillimh le Gaeilge, Cathair na Gaillimhe
Duais €1,000: Pobal Rua, Co. na Gaillimhe
Duais €1,000: Carraig ag Caint, Co. Chorcaí
Duais €1,000: níor tháinig
Caomhnú Comhshaoil agus Caomhnú Oidhreachta
Buaiteoir na catagóire – €3,000: Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain, Co. Aontroma
Duais €1,000: Gaeláras Mhic Ardghail, Co. an Dúin
Duais €1,000: Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall
Duais €1,000: nior tháinig
Duaiseanna speisialta aitheantais – €500 an ceann
Bhronn na moltóirí deich nduais speisialta ar ghrúpaí a léirigh dul chun cinn as cuimse nó a rinne éacht faoi leith le linn na bliana:
Aisteoirí an Bhaile, Maigh Cuilinn, Co. na Gaillimhe
Coiste Óige Bunscoile, Inis Oírr, Cuan na Gaillimhe
Conradh na Gaeilge, Craobh Pheadair Uí Dhubhda, Dún Dealgan.
Craobh Cholm Cille, Sord Cholm Cille, Co. Átha Cliath
Coiste Forbartha Dhobhair Teo - Ionad Naomh Pádraig, Co. Dhún na nGall
Coiste Ghaeloideachas Chromghlinne - Ionad Teaghlaigh Ghleann Darach, Co. Aontroma
Comhar Fhánada & Ghleann Bhairr, Fánaid, Tír Chonaill
Coiste Cheathrú Thaidhg - Dún Chaocháin, Co. Mhaigh Eo
Comhlacht Forbartha Mhúscraí, Maighchromtha, Co. Chorcaí
Gaelphobal Ard Mhacha Theas, Co. Ard Mhacha
Bhí duaischiste iomlán de €83,000 ar fáil in Ardán 2026.
Is comórtas náisiúnta de chuid Ghlór na nGael é Ardán a thugann aitheantas don obair chruthaitheach, luachmhar atá á déanamh ag grúpaí pobail ar son na Gaeilge ar fud na hÉireann.


