Write a comment
Newry Town Hall. Photograph: Columba O'Hare
Newry Town Hall. Photograph: Columba O'Hare

Cúlra an Chumainn 

Is iomaí rud a thiteann amach i saol na Gaeilge le linn mhí na Féile Pádraig. Ar cheann de na himeachtaí is mó tairbhe agus is mó sult ná Féile na Scoildrámaíochta, agus tá cúpla imeacht galánta ar na bacáin d’aisteoirí óga an cheantair. Eagraíonn An Cumann Scoildrámaíochta, atá faoi phátrúnacht an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, féilte drámaíochta le drámaí trí Ghaeilge a chur chun cinn ar fud na tíre. Scoláirí bunscoile agus iarbhunscoile a ghlacann páirt sna féilte seo. Is cúis bróid don chumann, gan dabht, go nglacann thart ar 10,000 páiste páirt sna Féilte a reáchtáiltear ar fud na tíre gach bliain.

Féile an Iúir 2023

Beidh lúchair mhór ar Ghaeilgeoirí uile na dúiche seo go mbeidh Féile an Iúir ar siúl arís i mbliana den chéad uair le tamall measartha fada. De dheasca na paindéime, cha raibh deis ag scoláirí óga Gaeilge an cheantair páirt a ghlacadh san fhéile dhrámaíochta le traidhfil de bhlianta anuas. Bhal, faigheann foighne fortacht, mar a deir siad. Is i Halla na Cathrach (nó Halla an Bhaile, ag brath ort féin), a bheas an fhéile ar siúl i mbliana. Ba mhinic í i dTeach na hÉigse roimhe seo; láthair níos lú agus níos seascaire, dar leat. Ar an dea-uair, beidh i bhfad Éireann níos mó spáis i láthair na bliana seo – mór an mhaith, nó tá muid ag dúil le scaifte breá i láthair ar an lá. Cúig cinn de scoileanna a bheas páirteach sna bólaí seo, mar atá: Bunscoil an Iúir, Gaelscoil na mBeann, Bunscoil Bheanna Boirche, Bunscoil Naomh Proinsias agus beidh dhá cheann de dhrámaí á léiriú ag Gaelscoil Phádraig i gCrois Mhic Lionnáin. Rachaidh buaiteoirí Fhéile an Iúir ar aghaidh chuig Féile Uladh a bheas ar siúl sa Ghrianán, Leitir Ceanainn ar an 28ú-29ú Márta 2023. Guíonn muid achan ádh ar na rannpháirtithe uile go léir, go n-éirí go geal libh. 

Loading comment... The comment will be refreshed after 00:00.
Say something here...
or post as a guest

LATEST PHOTOS

Launch of the Rural Heritage of South Armagh Project in Cullyhanna
Monday, 05 October 2026
Launch of the Rural Heritage of South Armagh Project in Cullyhanna
Images: 9
Hits: 197
Greater Newry Business Awards 2026
Sunday, 27 September 2026
Greater Newry Business Awards 2026
Images: 24
Hits: 314
Newry Mela
Tuesday, 08 September 2026
Newry Mela
Images: 20
Hits: 345
Royal Black Institution Black Saturday parade in Newry
Sunday, 30 August 2026
Royal Black Institution Black Saturday parade in Newry
Images: 185
Hits: 3467
Newry Pride 2026
Monday, 24 August 2026
Newry Pride 2026
Images: 91
Hits: 1651

EVENTS CALENDAR

October   2026
M T W T F S S
      1 2 3 4
5 6 7 8 9 10 11
12 13 14 15 16 17 18
19 20 21 22 23 24 25
26 27 28 29 30 31  
   
0
Shares