Gaeláras Mhic Ardghail in Newry has achieved gold in all three categories at this year's GRADAIM Gnó na hÉireann awards. It was one of three County Down businesses recognised at a ceremony in Dublin 18 November 2026. In total, 157 businesses from 26 counties across the island received recognition for promoting Irish in their work and providing services through the language.
The Rostrevor Inn and The Village Kitchen were the other two County Down businesses to receive recognition at the ceremony, which was organised by Glór na nGael at The Mansion House. The awards were presented by Mairéad Ní Cheallaigh and Aodhán Mac Cormaic.
Cormaic ón Roinn na Gaeltachta ag bronnadh gradam faoi scéim GRADAIM Gnó
na hÉireann ar Pauline agus Rachel lynch ó ghnólacht The Village Kitchen, atá
lonnaithe i gceantar Ard Glas. Grianghraf, Ciarán MacChoncarraige.
All 157 businesses underwent adjudication and received 361 category awards between them. The categories assessed were signage, marketing and branding, and service in Irish, with gold, silver and bronze awards given.
Frainc Mac Cionnaith, Enterprise and Business Development Manager with Glór na nGael, said: “I would like to congratulate all 157 businesses that received GRADAIM recognition this year. Their participation reflects the commitment of businesses across the island to putting Irish at the heart of their work and welcoming customers through Irish.”
He added: “During the adjudication process, we saw the practical work and enthusiasm these businesses are showing. Irish is an asset for both businesses and communities, and we are delighted that this work is being recognised and celebrated at a national level.”
GRADAIM Gnó na hÉireann awards bronze, silver or gold status to businesses based on their achievements in one, two or all three of the categories. The plaque displayed by each business gives customers a clear indication of the level and type of service through Irish they can expect.
The scheme was launched in 2021 and is run by Glór na nGael. It covers the entire island and is funded by the Department of Rural and Community Development and the Gaeltacht with the support of Foras na Gaeilge.
Further information is available at www.glornangael.ie/gradaim.
Fuair 3 gnólacht as Contae an Dúin aitheantas GRADAIM Gnó na hÉireann ag an searmanas bronnta i mBaile Átha Cliath ar an 18 Samhain 2026. Bhain 1 acu Bonn Óir amach i ngach ceann de thrí chatagóir na scéime: Gaeláras Mhic Ardghail.
Fuair 157 gnólacht ar fud 26 contae éagsúil ar fud fad an oileáin thuaidh agus theas aitheantas GRADAIM Gnó na hÉireann i mbliana. Bronnadh na gradaim ag searmanas a d’eagraigh Glór na nGael sa Seomra Cruinn i dTeach an Ardmhéara, Baile Átha Cliath ar an Chéadaoin 18 Samhain 2026, chun aitheantas a thabhairt do ghnólachtaí a chuireann an Ghaeilge chun cinn ina gcuid oibre agus a chuireann seirbhís trí Ghaeilge ar fáil dá gcustaiméirí. Bhronn Mairéad Ní Cheallaigh agus Aodhán Mac Cormaic na gradaim.
Rinneadh moltóireacht ar na 157 gnólacht ar fad. Bronnadh 361 gradam catagóire san iomlán orthu sna trí réimse a ndéantar measúnú orthu: comharthaíocht, margaíocht agus brandáil, agus seirbhís i nGaeilge. Bhí gradaim óir, airgid agus cré-umha san áireamh sna torthaí.
Is scéim aitheantais é GRADAIM Gnó na hÉireann a thugann stádas cré-umha, airgid nó óir do ghnólachtaí de réir a gcuid éachtaí sna catagóirí: (1) comharthaíocht, (2) margaíocht agus brandáil, agus (3) seirbhís i nGaeilge. Léiríonn an phlaic a chuirtear ar taispeáint do chustaiméirí an leibhéal agus an cineál seirbhíse trí Ghaeilge ar féidir leo a bheith ag súil leis.
Dúirt Frainc Mac Cionnaith, Bainisteoir Forbartha Fiontraíochta agus Gnó le Glór na nGael:
“Ba mhaith liom comhghairdeas ó chroí a dhéanamh leis na 157 gnólacht ar fad a fuair aitheantas GRADAIM i mbliana. Léiríonn a rannpháirtíocht an tiomantas atá ag gnólachtaí ar fud na hÉireann an Ghaeilge a chur i gcroílár a gcuid oibre agus fáilte a chur roimh chustaiméirí trí Ghaeilge.”
“Le linn na moltóireachta, chonaiceamar an obair phraiticiúil agus an díograis atá á léiriú ag na gnólachtaí seo. Is buntáiste don ghnó agus don phobal í an Ghaeilge, agus is cúis áthais dúinn go bhfuil an obair seo á haithint agus á ceiliúradh ar leibhéal náisiúnta.”
Seoladh GRADAIM Gnó na hÉireann in 2021 agus is é Glór na nGael a reáchtálann é. Clúdaíonn an scéim an t-oileán ar fad. Tá tuilleadh eolais ar fáil ag www.glornangael.ie/gradaim.
Tá GRADAIM Gnó na hÉireann maonaithe ag An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta le tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge.


