Write a comment

The Story of Coal & Colliers in Newry is the Summer Exhibition at Gaeláras Mhic Ardghail. The Exhibition will run from the 12th to the 16th of August. Admission is free. See www.iurchinntra.ie for more.

Beidh taispeántas fíor-spéisiúil á reáchtáil ag Craobh an Iúir de Chomhaltas Uladh ón 12-16 Lúnasa bunaithe ar an téama ‘Ré an Ghuail – When Coal Was King’. I nGaeláras Mhic Ardghail, 6b Sráid an tSéipéil Uact. a bheas an taispeántas lonnaithe.  Tá an topaic stairiúil seo lárnach i stair an Iúir – ón am a thángathas ar ghual i gCo. Thír Eoghain (Oileán an Ghuail) agus chonacthas go raibh margadh ann don tairge luachmhar seo, i mBaile Átha Cliath go speisialta, ach canáil a bheith tógtha idir gualphoill Thír Eoghain agus port an Iúir.  Tá stair na canála fite fuaite sa scéal seo agus tá an-bhéim ar ndóigh ar an comhlacht clúiteach FISHERS a raibh loingeas trádála acu a bhí ag treabhadh doineann ‘s soineann idir na gualphoirt in Albain agus i Sasana (Preston, Birkenhead, Garston, Barrow-on-Furness, Ayr), nuair a bhí  gual á iomportáil acu chuig Báisín Ailbhe ar an Iúr.  Tá neart pictiúir, sceitseanna, admhálacha, cáipéisí, líníochtaí, mapaí agus éadaí le feiscint sa taispeántas.  Foilseofar leabhrán cuinhneacháin ina mbeidh ailt ar stair na nduganna agus na ndugairí, agus na n-oibreacha gáis, scéal an ‘Olive’ – bád ícónach de chuid Fishers,  agus cur síos ar ré an ghuail san Iúr ó na 1700í go dtí na 1960í.  

Déanfar scannán a bhí caillte a athláinseáil fosta. Sna 1970í rinneadh scannán ‘Kick Any Stone’ i ndeisceart Ard Mhacha, gearr-scannáin a bhí bunaithe ar oidhreacht an limistéir.  Ba é an tAth. Henry Devlin SP, Clochóg, a choimisiúnaigh an scannán ach cailleadh an bhunchóip de.  Tharla múinteoir scoile ag dul fríd lár an Iúir lá amháin agus thug sé faoi deara an scannán, caite ar bharr scipe bruscair. Rinne an BBC an scannán a dhigitú agus cé nach bhfuil an fuaimrian ró-iontach beidh suim ag na haisteoirí ó cheantar Chill Shléibhe a ghlac páirt ann iad féin a fheiscint arís agus iad i mbláth na hóige. 

Cuirfear fáilte ar leith roimh daltaí scoile a bhfuil Gaeilge acu sa Ghaeláras.  Fuarthas tacaíocht airgid ó Fhoras na Gaeilge agus ó Chomhairle an Iúir agus Mhúrn (deontas ón Chiste Dea-Chaidrimh) chun an taispeántas a ullmhú.

Loading comment... The comment will be refreshed after 00:00.
Say something here...
or post as a guest

LATEST PHOTOS

Newry Mela
Tuesday, 08 September 2026
Newry Mela
Images: 20
Hits: 241
Royal Black Institution Black Saturday parade in Newry
Sunday, 30 August 2026
Royal Black Institution Black Saturday parade in Newry
Images: 185
Hits: 3048
Newry Pride 2026
Monday, 24 August 2026
Newry Pride 2026
Images: 91
Hits: 1287
GCSE Results 2026
Thursday, 20 August 2026
GCSE Results 2026
Images: 43
Hits: 734
A Level Results Day Newry 2026
Thursday, 13 August 2026
A Level Results Day Newry 2026
Images: 22
Hits: 811

EVENTS CALENDAR

September   2026
M T W T F S S
  1 2 3 4 5 6
7 8 9 10 11 12 13
14 15 16 17 18 19 20
21 22 23 24 25 26 27
28 29 30        
   
0
Shares