Write a comment

Tá áthas orainn a fhógairt go bhfuil muid tar éis cuid mhaith sean-chóipeanna den nuachtán “Lá” a fháil ón Bhreatain Bheag.  ‘Sé ár gcara Tim Saunders a thiomsaigh iad ó fhoinsí éagsúla sa Bhreatain Bheag.  Lena chois fuarthas cóipeanna de na nuachtáin “Inniu” agus “Anois” maraon le heagráin de “An Cosantóir”, “Comhar” agus “Nuacht” (nuachtlitir a foilsíodh í mBéal Feirste sna 1980í).  Sa bheart, a tháinig chugainn via leoraí de chuid Pickfords, bhí leabhair áirithe a bhíodh ag Rev. Canon Gwynn ap Gwilym (nach maireann), file agus iar-léachtóir Gaeilge i gColáiste na hOllscoile Corcaigh. Tá muid an-bhuíoch do Tim as an dua a chur air féin dul thart faoi na hionaid difriúla sa Bhreatain Bheag ina raibh na nuachtáin stóráilte.

Gaeláras Mhic Ardghail.
Gaeláras Mhic Ardghail

Tá orainn anois córas slánstórála a chur ar fáil sa Ghaeláras agus tá síntiús eile faighte againn ó Tom Mc Keown (iar-chlódóir ón Iúr) i dtreo na gcostas siúd.  Ón bhFómhair ar aghaidh, tá i gceist againn (oibrithe deonacha) an leabharlann a oscailt le linn uaireanta teoranta atá réamh-fhógartha mar táimid den tuairim gur rud riachtanach é ardchaighdeán litearthachta a chothú go speisialta agus Bunscoil an Iúir lonnaithe cóngarach dúinn.  Cuirfear tús le sraith imeachtaí sa Ghaeláras go deimhin ar 13 Lúnasa nuair a bhéas an chéad seisiún den bhfiontar nua ‘Cumadóireacht le Chéile’ á reáchtáil againn.  

Tuilleadh eolais ó: gaelarasmhicardghail@gmail.com

Loading comment... The comment will be refreshed after 00:00.
Say something here...
or post as a guest

LATEST PHOTOS

Newry Mela
Tuesday, 08 September 2026
Newry Mela
Images: 20
Hits: 243
Royal Black Institution Black Saturday parade in Newry
Sunday, 30 August 2026
Royal Black Institution Black Saturday parade in Newry
Images: 185
Hits: 3069
Newry Pride 2026
Monday, 24 August 2026
Newry Pride 2026
Images: 91
Hits: 1306
GCSE Results 2026
Thursday, 20 August 2026
GCSE Results 2026
Images: 43
Hits: 741
A Level Results Day Newry 2026
Thursday, 13 August 2026
A Level Results Day Newry 2026
Images: 22
Hits: 816

EVENTS CALENDAR

September   2026
M T W T F S S
  1 2 3 4 5 6
7 8 9 10 11 12 13
14 15 16 17 18 19 20
21 22 23 24 25 26 27
28 29 30        
   
0
Shares