Write a comment

Foilsíodh “An Coimhthíoch” ceithre scór bliain ó shin – úrscéal a scríobh Séamus Mac Conmara, Gael cumasach ón Iúr a fuair bás i 1936 ar aois 27 dó.   

Rugadh Séamus i 1909 agus beidh Comóradh 110 á reáchtáil ag Craobh an Iúir san Fhómhair.  

Mar chuid den cheiliúradh tá comórtas ficsin curtha ar bun ag an Chraobh (Tús Scéil: Ficsean 80 Focal ) agus iarrtar ar ghaelscoileanna, scoileanna, bhaill de chiorcail léitheoireachta agus daoine aonair iarratais a chur isteach roimh 30 Meitheamh 2019.

Treoirlínte

Tá catagóirí x 5 ann: EC2, EC3, EC4/5, 18+, 80+ agus tá duais £80 in achan chatagóir

Beidh painéal measúnóirí roghnaithe ag Craobh an Iúir

Tús scéil atá i gceist – seánra ar bith

Saothar nua atá i gceist cumtha ag an údar féin amháin

Ní ceadmhach níos mó ná 80 focal a scríobh

Tá sé ceadaithe iarracht amháin a chur isteach

Thig leis an sliocht a bheith clóscríofa nó lámhscríofa

Ní cóir aon ábhar atá clúmhillteach nó a sháraíonn an dlí ar bhealach ar bith a chur isteach

Is ag na húdair atá cóipcheart ar a saothar ach tugtar cead do Chraobh an Iúir iarrachtaí a fhoilsiú ar líne

Tá pacáiste tacaíochta do scoileanna ar fáil ó Chraobh an Iúir ach é a iarraidh ó na seoltaí thíos

30 Meitheamh an spriocdháta

Is féidir iarrachtaí/foirmeacha iontrálacha a chur sa phost chuig

Ficsean 80

Coláiste Chaitríona

Bóthar an Chlochair

Ard Mhacha

BT60 4BJ

nó iad a chur chuig: gaelarasmhicardghail@gmail.com

Loading comment... The comment will be refreshed after 00:00.
Say something here...
or post as a guest

LATEST PHOTOS

Greater Newry Business Awards 2026
Sunday, 27 September 2026
Greater Newry Business Awards 2026
Images: 24
Hits: 78
Newry Mela
Tuesday, 08 September 2026
Newry Mela
Images: 20
Hits: 255
Royal Black Institution Black Saturday parade in Newry
Sunday, 30 August 2026
Royal Black Institution Black Saturday parade in Newry
Images: 185
Hits: 3143
Newry Pride 2026
Monday, 24 August 2026
Newry Pride 2026
Images: 91
Hits: 1355
GCSE Results 2026
Thursday, 20 August 2026
GCSE Results 2026
Images: 43
Hits: 755

EVENTS CALENDAR

September   2026
M T W T F S S
  1 2 3 4 5 6
7 8 9 10 11 12 13
14 15 16 17 18 19 20
21 22 23 24 25 26 27
28 29 30        
   
0
Shares